Fúm Féin

Cé mise??

Haigh!! Fáilte go dtí mo shuíomh greasáin nua!! Michelle is ainm dom ach beidh aithne níos fearr ar dhaoine orm mar @muinteoirshellbell ar instagram! Is múinteoir bunscoile mé agus chríochnaigh mé mo mháistreacht san oideachas anuraidh.

Bhain mé an máistreacht amach i gColáiste Mhuire Gan Smal i Luimneach. Bhain mé an-taitneamh as an máistreach ach bí cinnte bhí a lán oibre i gceist! Rinne mé an máistreacht tar éis bliana a chaitheamh ag déanamh obair dheonach mar chuntóir oideachas speisialta. Ba thréimhse iontach é! Chaith mé an bhunchéime ag déanamh baitsiléir na healaíne. Seo an áit is a thit mé i ngrá leis an nGaeilge gan dabht!!

Faighim an-chuid ceisteanna mar gheall ar an áit as a tháinig mó shuim sa Ghaeilge agus í a labhairt ar líne. Ní raibh suim i gcónaí agam sa Ghaeilge creid nó ná chreid! Idir an mhéanscoil agus an bhunscoil ní raibh suim an mhadra agam sa Ghaeilge. Níor thuig mé í! Níor labhair mé as Gaeilge do dtí an tríú agus an séú bhliain sa mhéanscoil ag ullmhú don scrúdú béil. É sin ráite ní raibh le rá agam ach m’ainm, dáta breithe cur síos ar mo chlann, mo chaitheamh aisirí agus an scoil, chomh maith leis an ceann cailiúla “Cad a dhéanfá dá mbuafá an Chrannchur Náisiúnta”. Chuir an ceann sin crith suas mo dhroim i gcónaí mar níor thuig mé an cheist in aon chur! Ní raibh mé ach ag foghlaim de ghlanmheabhair!

Mar a dúirt mé cheana, ní raibh aon suim agam sa Ghaeilge ag an tús! Nuair a d’fhreastail mé ar an gcéad léacht bhí an ceann roinne ag déanamh cur síos ar an gcúrsa – thuig mé an chéad focal “Fáilte”. Tar éis sin bhíos cailte! Mhol mo chara dom leanúint leis agus go n-éireoidh sé níos éasca lá i ndiaidh lae. Agus nach raibh an ceart aici!

As sin amach rinne mé mo thráchtas trí mheán na Gaeilge toisc go raibh suim agam agus go raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh. Bhí an taighde bunaithe ar – Na Mná sa Bhéaloideas Fadó – ana-bhrodúil as anois ag féachaint siar!

Is aoibhinn liom an Ghaeilge agus is í an aidhm atá agam ná an Ghaeilge a spreagadh i measc na dtionchairí agus múinteoirí ar líne. Má tá cabhair uait bheinn lán sásta cabhrú in aon slí gur féidir liom níl gá ach teachtaireacht a sheoladh chugham!

Lé grá na Gaeilge! ♥

Michelle